Ainm: | Jimeile Ó Fearraigh | |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha, An Fál Carrach |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Catagóir: | Ceirdeanna agus Cothú an Tí |
Fochatagóir: | Ainmhithe, Beithígh agus Eallach |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Shiúladh siad na beithígh amach an Chlocháin i ndiaidh an rabharta mór Lá Pádraig le hiad a thabhairt go dtí an chearta i nGort an Choirce. Bhíodh rásaí amach an Clochán acu leis na beithígh agus isteach an oileáin arís an oíche sin. Ní raibh gabha ar bith ar an oileán agus thagadh siad amach ag Peadar Beag (Ó Domhnaill) i gCill Ulta nó chuig Mícheál Mac Giolla Chomhaill ar an Ardaí le crúite a chur ar na beithígh. Deir Jimeile gur chaith Peadar seachtain le Cathal (Charlie) Daly nuair a bhí sé ar a sheachnadh sular beireadh air. An oíche ar beireadh ar Chathal agus a rinneadh an spiadóireacht air. | 00:07:48 | |